School: Turraichín, Goold's Cross (roll number 15273)
- Location:
- Turraheen Upper, Co. Tipperary
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo scéal a chualadh ghá aithris ag m'athair Pilib O Cearmhaic mise Pilib óg ag tagairt de'n cathair seo.Talamh gléibe abeadh an talamh timcheall na Cathrach fadó agus san am go bhfuilim ag tagairt do ba ceithearnac de na Segersanaig gur leis é.Bhí beirt fhear ag obair aige sa pháirc i mbun na cathrac bliain an droch shaoghail. Bhí d'fiachaibh ortha iad féin a chothughadh. Ag déanamh ar aimsire dínnéir dubharoc (?) duine aca go raibh sé am aca dul fé dhéin a ndinnéir. Dubhairt an fear eile go raghadh féin ag éileamh a dhínnéir ar maighstreás (?) na Cathrach so shuas mar ná raibh a leithéid sa bhaile roimis.D'imthigh an chead duine abhaile. Ba ghearr go gcualadh sé an glaodhac ar a ainm. Ar iompughadh dhó fé dhéin an ghutha chonnaic se bean áluinn chalma na seasamh i ndoras na Cathrach. Tar isteach annso chun do dhinnéir o iarrais é ar sise.Ní raibh sé istog leis féin nuair a chonnaic agus a chualadh í acht dá aeindheoin (?) féin níor bhraith sé cá raibh sé go bhfuair sé é féin lastig de dhoras an leasa.Bhí an biadh ar an mbórd i seomra istig romis.
Shuidh se shíos chuige. Agus é ag iththe chualadh sé mar a bheadh sean duine aosta ag gearrán i seomra(continues on next page)- Collector
- Pilib O Ciarmhaic
- Gender
- Male
- Address
- Liss, Co. Kerry
- Informant
- Pilib O Ciarmhaic
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Liss, Co. Kerry