School: Meanus, Brúgh na nDéise (roll number 11840)
- Location:
- Meanus, Co. Limerick
- Teacher: Mrs Harnett
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá meidhreach dá ndeaghas-sa liom féin,
Ar bhinn lisín aerach an Bhrogha,
Ag éisteacht le binn guth na n-éan,
Ag canntan ar ghéagaibh cois abhann;
An breach taidhbhseach(?) san linn úd fé féim
Ag rinnce san ngaorthadh le fonn,
Má's tinn libh-se radharc súl, no béal
Tá leigheas luath ón éág dibh dull ann.
(II)Níor cian dúinn cois dean tsruaill na seal
Nar mhian le fir Éireann dul ann,
Tráth threall cughainn an grean mhilis bé
Go dian is í in éag cruth go lom;
A craobhfolt bréagh niamrach go féar
Ag fás lei roimpi is í in a deabhaidh
"A Briain ghil 'de an dian gol so 'réir
Do cheap mé go h-aeibh ós mo cheann?"
(III)Ní scaoilfead sa priomh rún mo sgéil
Go n-innsir cá taobh ar an gabhais
An tú Aoibhill beag chaoin - cleasach claon
Mar líonais go léir mé dith greann?
Nó an tsidh bhean thug buidhean truip na tral (?)
Gur líonar gréadaigh in a deabhaidh?
Nó an bhrighdeach gur claoideadh lei gan réim(continues on next page)- Collector
- Briain O Flaithbhearthaigh
- Gender
- Male