School: Athea (B.) (roll number 15685)
- Location:
- Athea, Co. Limerick
- Teacher: Patrick McCarthy
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do dheineas tagairt cheana do'n mhainnistir a thóg Bráitreacha Naomh Phrionsaois i dTeampuil Átha tSléibhe. Tá an mainnistir sin in a fhothrach anois. Reilig don pharóisde atá ann le fada an lá. Rud iongantach mar gheall ar an dtógáil sin is eadh ná raibh de dhean air ach leaca móra o Dhoirin. Tá sé sa bhéal oideas fós timcheall na háite sin gur iomcur na Bráthaireacha na cloca a bhí ag teasdáil uatha ar a ndromaibh ó'n gcairéal mór atá i nDoirin atá níos mó ná dhá mhí;e ó'n áit.Tá cúpla sgéal éagsamhla mar gheall ar sgrios na mainistreach seo. Deireann cuid de na seandaoine gurab é Cromuil a sgríos. Ach is inchredte go mór an sgéal guraib é Murrcadh an Tótáin a chuir trí theine í ag sgriosadh na Mumhan dho.Deireann na sean daoine gur chuir na daoine a sgios an mhainnistir an glas ar an ndoras nuair a(continues on next page)