School: Glashaboy (roll number 10569)

Location:
Glashaboy North, Co. Cork
Teacher:
Liam Ó Leighin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0382, Page 563

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0382, Page 563

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Glashaboy
  2. XML Page 563
  3. XML “<span class="exact">Naomh</span> <span class="exact">Bríd</span> - Crosanna <span class="exact">Naomh</span> Bríde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. CROSANNA NAOMH BRIGHDE
    Deintí na Crosanna as tuighe nó as luacair Oidhche lá Fhéíle Brighde. Cuirtear isteac sa dion tuighe iad. Sé an fáth go ndeantar é seo nó an tigh do shaoradh ó olc ar feadh na bliana. Tá sgéal ann ar connus ar t hosnuig an nós.

    Bhí Naomh Brighid oidhche amháín agus a comráidí ag taisteal trí Mhuigheó agus chuadar ar seachrán. Do thugadar fé ndeara solus beag ag lonnradh i bhfad uathu agus thugadar aghaidh air. Bhí sé ag teacht ó thigh bheag 'na raibh sean-bheirt 'na gcómhnuí. Nuair a chuadar isteac fiosruighdear mar gheall ar a n-aistear agus fuaradar gac eolas a bhí de dhíth ortha ó'n sean-fhear. Thug sé cuireadh dí teacht isteac agus deoch bainne do bhlaiseadh. Do thoilig sí do sin. Thug an sean-bhean an bainne di. Do chrom Brighid sios agus do phioc suas brobh luachra ó'n dtalamh agus dhein comartha na croise ós cionn an bainne agus d'ól é. D'fhiafruigh an Sean-fhear dí cad iad na cómharthaí a dhein sí ós cionn an bhainne agus cé'n fáth gur dhein si iad. Dubhairt ise gurbh' amhlaidh a bhí nimh sa bhainne agus gurbh 'n an fáth gur dhein sí cómhartha na croise ós a cionn. Dubhairt an sean-fhear nárbh' amhlaidh a bhí ac do caith an Sean-Bhean i feín ar a glúnaibh ós cómhair Bríghde agus d'iarr maitheamnachas ar an naomh. D'fhiafruigh Brighid dí cé'n fáth gur dhein sí a leithéid agus dubhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Brigid (~366)
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó Leighinn
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir