School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)
- Location:
- Ballyhooly, Co. Cork
- Teacher: Dáithí Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fado bhí priomh bhóthar ag gabhail ó Corcaigh gó dtí Caiseal Mhumhan agus deirtear go raibh sé ag gabhail tré Bhaile Atha h-Úbhla. Bothar ana thabhachtac do beadh é agus "bothar bó finne" a tugtaí air. Bhí an bóthar seo ann sar ar tógadh an Caisleán nó an Droíceadh. Nuair ná raibh aon dróiceadh ann bhí ath ag dul treasna na h-abhann in aice na háite in a bhfuil an caisleán anois. Tá an ath ann fós ac ní deintear aon úsáid dé mar tá droichead ann.Fado deirtear go raibh Naomh Mochuda ag gabháil an treó (?) i gcarbad lá. Do bhí buachaill ag tiomáint an chapaill dhó. Nuair a bhíodar ag dul treasna an átha do chonnaic an Naomh ubhall breagh dearg ag snámh ar an uisce. Nuair do thóg an Naomh an t-ubhall isteac d'iarr an buachaill air an t-ubhall do thabhairt dó mar do bhí uisce ag téacht len dá a fhiacailibh. Dubhairt an Naomh na tabhairfeadh sé dó é mar do bhí leigheas ann. Annsin chuaidh an Naomh agus an buachaill go dtí Gleann Iubhair. Do bhí an áith sin tímcheall trí mhile ó'n áth. Do bhí Rí na h-aithe in a chómhnaidhe annsan. Do bhí inghan aige agus bhí a lamh marbh. Do chuaidh an Naomh suas chuice agus dubhairt sé léi "sín amach do lámh agus tógh an t ubhall." Do shín sí amac an lamh mhaith ach dubhairt an Naomh léi an lámh marbh a shíneadh. Dubhairt an cailín ná féadfadh sí. Dubhairt an Naomh léi annsan iarracht a thabhairt air. Annsan déin sí mhar dubhradh leí agus do eirigh leí é do dheineamh. Do thógh sí an t-ubhall annsan agus ith sí é. Bhí an lámh a bhí marbh níos féárr ná an ceann a bhí(continues on next page)
- Collector
- Séamus Ó Conaill
- Gender
- Male
- Age
- 10
- Address
- Ballyhooly, Co. Cork