School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)
- Location:
- Ballyhooly, Co. Cork
- Teacher: Dáithí Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)talamh dá chuid saighdiuirí feín.Tá tagairt de'n áit ins na sean leabhra agus sé an ainm a tugtar air na Droichead Mainistír-Fhear-Muighe. Tá réilg ann anois agus tá urmór des na Róistigh curtha ann.Timcheall dhá bhlian ó'soin do bhí daoine ag obair ann, ag glanadh na bfallaí agus dheirigheadar na h-áiteanna a bhí i rioct tuitime le táthán.Timcheall cead blian ósoin do bhí fermeóir in aice na h-áite ag deanamh tighe. Chonnaic an saor cloc a bhí ag dheanamh an tighe cloc breagh mór in san mainistir. Do thóg an fear an chloch go dtí an tigh agus do chuir sé é i gcuinne an fhalla. Maidin lá ar na bháireach bhí an cloc tógtha síos go dtí an mainistir airís. Annsan do thóg sé an cloc airís go dtí an tigh ac an mhaidin in a dhiaidh sin do bhí sí imthighthe airís agus sa deireadh b-eighin dó é do fhagaint ann. Tá an chloc san áit sin fós.Séamus Ó Connaill, Baile Átha h-Ubhla
(Fuaireas an sgéul seo ó fear a chómhnuigh in aice na Mainistreach. Fuair sé bás cúpla bliadhain ó shoin)
D. Ó Murchadha (Oide)- Collector
- Séamus Ó Conaill
- Gender
- Male
- Age
- 10
- Address
- Ballyhooly, Co. Cork
- Informant
- Dónal Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir