School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (roll number 14993)
- Location:
- Ré na nDoirí, Co. Cork
- Teacher: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Grian
Da mbeadh an grian na caor dearg ag dul fuithi am tráthnóna sin comartha go mbeadh an aimsir cun socrú ach da mbeadh fáinne timcheall ar an ngréin sin comartha go mbeadh an aimsir cun briseadh. Dá mbeadh an gréan ag sreacarnaig ar na carraigreacha taréis ceatha sin cómhartha go leanfaidh an aimsir briste.
Eisg
Sa tSamhradh da mbead na h-eisg ag eirighe os cionn uisge san abhainn sin cómartha go mbeadh an aimsir cun briseadh.
Aibne
Da mbeadh na h-aibne gan puinn uisge agus an gaoth i dtuaidh sin comartha go mbeadh an aimsir cun briseadh.
Canlaithe
Dá mbeadh na preacáin ag cág in airde ar na carraigreaca sin comartha go mbeadh aimsir ag teacht.
Cat
Dá mbeadh an cat na luighe agus a drom cun na teine aige sin somartha go mbeadh sneactadh(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Tuama
- Gender
- Male
- Address
- An Ráth Thoir, Co. Cork