School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (roll number 14993)
- Location:
- Ré na nDoirí, Co. Cork
- Teacher: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear eile thuaidh i nGort-na-Tobraidh. Duine do mhuinntir Murcadha a bead é. Bhí sé go h-iongantach cun reatha. An uair sin bíodh na Tighearnaí Talmhan ag dul go Sasana ag caitheamh airgead mar bhí sé aca go tuig. Bhí fear i Sasana a a bhí go h-iongantach cun reatha. Do cuir Sasanach geall leis an dTighearna Talmhan na feadfhadh aon fhear in Éirinn buadachtaint ar fear reatha Sasana. Do rug an Tíghearna Talmhan Ua Murchadha go Sasana in-einfeacht leis agus bhí Geall mór curtha aige ar a shon. Ní taobh le thaobh a ritheadar in-aon-chor acht feacaint ciacú is giorra a thógfhadh sé ar trí míle do rith. Do thosnuig an Sasanac ag rith roimis Ua Murchadha acht do bhí Ua Murchadha ullamh roimhis agus do bhí ríl agus jig rinncighthe aige sar a raibh an Sasanach ullamh. Ní bfuair Ua Murcadha pioc ó'n dTighearna Talmhan tar éis buadhachtaint ar an Sasanach.
Tháinig aimsir an cíosa(continues on next page)- Informant
- Seán Ua Liatháin
- Gender
- Male
- Address
- An Chúil Iarthach, Co. Cork