School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (roll number 14993)

Location:
Ré na nDoirí, Co. Cork
Teacher:
Amhlaoibh Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 403

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 403

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha
  2. XML Page 403
  3. XML “Piseoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tugadh suas an rith fadó agus sé an seift atá aca anois, ná go dtugtar torac do chorp an duine is sine aon uair a thárluighean dhá shocruid sa bhóthar ceadhna.
    Is cuimhin liom lá go rabhamair ag baint coirce sa pháirc mhóir mé fein agus an buachaill a bhí againn - Mícheal O Murcadha ab ainm dó. Dé siúd a bhí ar an speil, mar bé b'óige agus mise (agus mise) ag tógaint. Amach sa lá do bhuail sé soc na speile i gcoinnibh rud éigin a bhí caithte sa choirce. Thairig sé an speal agus cad a bheadh ann ac seana mála agus spala feóla istig ann. Glaodhaidh sé orm agus thaisbeaín sé an rud dom agus ar seisean "Tá duine éigin ar maithe leat". Bfhíor do. Cúpla lá na dhiadh sin buaileadh breóite an beithidheach ab fhearr a bí agam gan cuís gan adhbhar agus cailleadh í. Sin é a bhí agam de bharr an tabhartair a caitheadh sa ghort cúgham.
    Tá an obair sin ar siubhal le'm chuimhne-se agus pé rud a dhéarfhadh aoinne tá brígh eígin leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Amhlaoibh Ó Loinghsigh
    Gender
    Male
    Address
    Gort an Imill, Co. Cork