School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Buachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní raibh ach cainnt mar an méid sin ag Síle mar bhí gach aon poc léim ag Nioclás mar a chídhfá buicín gabhar.
Le na linn sin do bhí Síle a' tarrac na mbuillí go mion tuigh air. Bhí sé ag imtheacht i ndiaidh a thóna ós na buillí. Níor airigh sé pioc chun gur thuit sé ar a thóin anuas ar sheana chathaoir na súgan agus bhí Liam a' tarrach dhá shlais air le gach aon tslais ó Shíle.
Bhí an t-seana chathaoir socair mar a bhéadh leac ar t-ingeal na chómhair. Nuair a chonnaic Liam go raibh sé sa chathaoir aige. Bhí a fhios aige go máith ná féadfadh sé é féin a scaramhaint as.
Sheasaimh sé idir Nioclás agus a bhean. Bíodh foidhne agat ar seisean bheith a' gabháil ar an bhfear bocht an iomarca. Níor mhaith le Liam aon éagchóir a dhéanamh air.
"Imthig a Shíle", arsa Liam agus cuir an ursal sa teine agus dearg go maith é. Do shocruig Nioclás ar bheith a' d'iarraidh é féin a scaramhaint as an gcathaoir ach ní raibh aon breith aige air mar do chaith sé fanamhaint mar a bhí aige.
"A Nioclás", arsa Liam conus tá do chuisle a rátáil ní fhéachann tú ró mhaith. Thug fear na crúibe iarracht eile ar eirighe agus do(continues on next page)