School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Donncha Ó Buachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 201

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 201

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (B.)
  2. XML Page 201
  3. XML “An Circín Óir agus an Coilichín Airgid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Circín óir agus an Coílichín airgid.
    Do bhí duine uasal ann fadó, agus bhí aon mhac amháin aige. Buachaill breágh neamh-bhiongantach liadhamnach ab'eadh é. Bhí ana bheann ag gach aoinne air. Do bhí an Gheimhreadh ana olc agus do thuil sneachtadh ana throm, agus d'fhan sé ana fhada ar an dtalamh.
    Bhí na h-éin bochta go léir a' fághail bháis leis an ocras. Do bhí ana thruagh ag an mbuachaill dós na h-éin bochta nuair a chonaic sé iad a' fághail bháis leis an ocras. Do chuaidh sé isteach sa sgioból agus do rug sé mála coirce leis ar a ghualainn amach chúcha. Do chaith sé chúcha ar fuaid an tailimh é i n'áit ná raibh aon sneachtadh mar bhí sé scriosta de aige le sluasaid.
    Do tháinig na h-éin go léir ag ithe, an lon dubh, an smólach, an céirseach, agus an druid, an préachán, an clúr, an dreoilín agus mórán eile. Bhí an buachaill a' féachaint ortha ag ithe agus bhí ama áthas air.
    Do dhun sé an cleas céanna ar maidin amáireach. Do rug sé ar mála coirce amach chúcha airís. Le 'na linn sin do tháinig éan ana mhór agus thosnuig sé ag ithe i n-aoin fheacht leó. Do rug mac an duine uasail coirce amach chúcha gach aon mhaidean ar feadh seachtmhaine. Sa deire dubhairt an t-éan mór lesu go raibh sé ana bhuidheach de mar gheall ar bheith a' tabhairt an coice go léir dóibh. Dubhairt an t-éan leis teacht anáirde ar a dhrom féin agus go dtabharfadh sé marcuigheacht breágh dó d'á mba mhait leis é. Dubhairt an bhuacaill gur mhaith agus tháinig
    P.h.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish