School: Gallach Dumha (Galladoo), Cill Crócháin (roll number 6403)
- Location:
- Gouladoo, Co. Cork
- Teachers: Cáit Ní Loingsigh Cáit Ní Dhálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- ARCHAEOLOGICAL:-Tá aiteanna annso agus ainmneacha ortha mar Dúnóir, Dúinín. Teasbáineann san go raibh dún dún ann uair éigin. Tá an dún i nDúnóír le feiscint fós agus bheadh sgannradh ar na daoine dul ina ghoire. Níl aon iarsma de dhún san áit a tugtar Dúinín.
PISREOGATugtar "piseoga" ortha annso. Tá a lán lán díobh ann.
PAISTÍ:-1) Ní leigfí do pháisde fé ocht mbliadna bheith amuigh no aonar taréis tuitim na h-oidhche agus má thála go raibh sé amuigh ní glaoidfí air ar eagla go dtiocfadh púca cúcha in ionad ar gharsúin.2) Ní leigfí páisde gan na fiacla bheith sa chliabhán in a aonar aon uair den ló ar eagla go sgiobfadh na púcaí é. Croctar stoca ós cionn an chliabáín i dtreo is nach féidir leis na daoine maithe teacht i ngar dó.3) Ní ardóchtar an dallóg i seomra na leambhaí istoidhche sa tslighe is nach bhfeicfeadh na daoine maithe iad.4) Ní fhágfaí aon bhall éadaigh le páisde óg amuigh chun tiormú istoidhche mar bheadh smacht ag na púcaí air, bheadh sé ina gcumas an leanbh do sgiobadh leo.5) Nuair a bhíonn bean ag súil le leanbh(continues on next page)