School: Seana-chaiseal, Maghcromtha (roll number 12510)

Location:
Shanacashel, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0340, Page 118

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0340, Page 118

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seana-chaiseal, Maghcromtha
  2. XML Page 118
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Is mó sceil innstear tímcheall na háite seo mar gheall ar na fir láidre a bhí ann fadó.

    (continued from previous page)
    sin. Nuair a dhein sé an gníomh seo thug sé an dubh-slán so aon "Papist" an gníomh san a dheineamh. Bhí seirbhthean ar na Caitilicigh agus cuardúígheadar an dúthaig feacaint an bhfaighidís fear a thógfadh an chloch. Sa deireadh, fuaradar fear mór, láidir, i gCúl Sneachtaigh in aice Dunmaonmhúighe, ná raibh fhios a nirt aige, acht fear sgáthmhar do b'eadh é ná théigheadh amach ach go h-annamh. Tháinig a chómharsain chuige aon oidhche amhain agus chuireadar ar meisge nó geall leis é, agus thógadar leó é go pairc an aonach i lár na hóidhche. Thaisbeánadar an chloch dó, agus thóg sé suas 'na bhaclainn í sa chead iarracht.
    Fuaireadar cloch mhór eile agus chuireadh anuas ar an gcloich eile i, agus thóg sé an da chloich ga [?] trioblóid. Annsan, thógadar suas an dubh-slán agus chuireadar sgeul go dtí an Protustúnach "Tyneu" chun lá a ainmniú i gcóir an comórtais. Cheapadh an lá agus thainig na daoíne '"na míltibh". Do bhí ar an bProcustúnach an chloch a árdú ar dtúis, ós é thug an dubh-slán. Tar éis mórán crioblóide. D'árduigh sé an chloch órlach nó mar sin ós cionn tailimh. "Anois" ar seisean. "Deineadh Mac Uí Murchadha é sin" "Airi [?] " arsan Murchadhach "mí bheinn ag caitheamh mo nirt leis an gcloich sin" "Imthigh, a Dhómhnaill "(ar seisean le n-a caraid) agus faigh chloch mhór eile, agus chuir a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish