School: Baile Mhúirne (C.)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0335, Page 255

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0335, Page 255

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 255
  3. XML “Fear an Nirt”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fear ann uair agus do bhí sé pósta ach ní raibh aon clann aca agus bhídis i gcómhnaidhe ag guidhe chun Dé go mbronnfadh sé mach ortha. Do théigheadh an fear ag obair gach lá. Ag tarrach blocaí móra adhmaid a bhíodh sé.
    Fear ana chruaidh dob' eadh an Máighistir abhí air. Do bhí na blocaí adhmaid chómh mór san gur bhriseadar a dhrom. Do bhí a fhios aige ansan go raibh sé chun báis d'fhághail agus do chuaidh sé abhaile. Do bhí greim chómh daingean san aige ar an mbloc adhmaid gur fhan síl de'n crann 'na láimh agus ní féadfadh sé é a thágaint amach as.
    Do tharla san am gcéadna go raibh a bhean ag iomchar leinbh. Díreach an lá go rugadh an leanbh do bhí an fear ag fagháil bháis. Do ghlaoidh an fear ar an mnaoí agus d'iarr sé athchuiníghe uirthi agus b'é an rud é ná nuiar a gheobhadh sé bás go mbainfeadh sí an síl as a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Shúileabháin
    Gender
    Female
    Age
    16
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork
    Informant
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Gender
    Female
    Age
    68