School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dubhairt an fear mór leis an fear bocht a bfeacadar fear a tíghe agus dubhairt sé ná feaca sé in-aon-chor é.
Ansan d'fhiafhruig sé dhíobh a gcreidfhidís go bfuil sé marbh agus dúbhradar ná chreidfhidís. Ansan dubhairt sé leó mura chreidfidís go bfuil sé marbh nuair a bheidh an fear bocht ag teacht cómhgarach dá thig geóbhaidh sé bás.
Do chóomáineadar leó go dtí go dtánadar go dtí an tig agus do thuit an fear boct marbh ar an mbóthar. Ansan d'imthig an fear eile abhaile agus do bhí sé chun dul isteach go dtí an cailín chun a ínnsint di chad a thuit amach ach nuair a tháinig sé go dtí an doras do tháinig eagla air agus dubhairt sé leis féin ná raghadh sé isteach in-aon-chor agus do thóg na púcaí é an oidhche sin agus ní fheaca beó ná marbh ó shoin e.- Collector
- Nóra Ní Chéilleachair
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Gender
- Female
- Age
- 85