School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann tímpeall triocha mbliadhain ó shoin agus théigheadh sé ag sgoruidheacht gach oidhche.
Aon oidhche amháin do chuaidh sé ag sgoruidheacht agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile do chasadh fear árd dubh air. Dubhairt sé leis gan dul abhaile in-aon - chor mar go marbhóchadh a bhean é toisg bheith amuigh chómh déanach.
Chuaidh sé abhaile agus d'fhiafruig a bhean de chad a choimeád amuigh chómh déanach é agus dubhairt sé go rabhadar ag imirt cártaí é féin agus féar a tíghe.
Ansan dubhairt sí leis dá bhfanfadh sé amuigh chómh déanach aon oidhche eile ná leighfeadh sí isteach in-aonchor é. An oidhche na dhiaidh sin do chuaidh sé a sgoruidheacht agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile do chasadh an fear(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Chéilleachair
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Gender
- Female
- Age
- 85