School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 149

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 149

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 149
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    D'airigheas m'athair ghá rádh gur bhuail bean siubhail isteach chúca tráthnóna...

    (continued from previous page)
    do bhíothas tar éis dorta ann an oidhche roimh ré
    Annsan d'fhiafruig sí de'm shean-athair an gcuimhin leis an oidhche gur bhuail an sochraid leis nuair do bhí sé ag teacht ó Chorcaig. Níor labhair sé focal mar b'in an t-aon oidhche amháin go ndóbair do an t-anam do thuitim as le scannradh. "Nách cuimhin leat" ar sise, gur bhuaileadar leath ar aghaidh an tighe seo suas ar an mbóthar agus nuair do bhís ag scor an chapaill ar an mbóthar (is ar taobh an bhóthair do bhí an tig trucailleach aige) gur theith an bheirt bhán do bhí i'd theannta uait, agus an póirse anuas leó a's gach aon bhéic acu."
    "Ó is cuimhin liom é" ar seisean.
    "Bhel" ar sise "an gcuimin leat an mhaidean na dhiaidh nuair do bhís ag tiomáint na mbó thar bóthar suas conus mar ba dhóbair dóibh a chéile do marbhúghadh ar an mbóthar ar aghaidh Páirc an Phúca suas, agus ná feadaraís cad ba bhun leis mar narbh fhéidir leat féin aon rud d'feiscint acht carn beag glóthaighe, do bhí i lár an bóthair. A" ar sise "do buaileadh cath throm annsan an oidhche sin. - Do tháinig sluagh ó Ciarraidhe an oidhche sin chum cailín óg ó'n ngleann do so bhreith leó acht má seadh do bhí sluagh ó'n dtaobh so na gcoinnibh annsúd agus níor leigadar leó í. "Agus geallaim duit
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish