School: Caolchoill (roll number 16087)
- Location:
- Kealkill, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caolchoill
- XML Page 143
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“San t-sean-aimsir bhí smacht dian ag gach athair agus máthair ar a gclann.”
(continued from previous page)ndhuine féin ag iarraidh tosach do bheith acu go mbíódh chaip an chloca do bhíodh ar an mnaoí tar éís a h-aghaidh agus a cheannaca do chlúdach ar fad agus ná feacaís ' oidhre riamh ar dalla púícín act é. An t-ógánach agus an té do sheasaimh suas leis do bhíodh i dtosach an chóísre ag dul abhaile. Capall iallaid do bhíodh fé gach fear díobh so araon. Ní fhanadh éinne den bheirt leis an gcuid eile acht an baille do bhaint amach ó tréan agus dob fhéídir leis an dá chapall an bóthar do ghreadadh. Sé an t-athair céíle - athair céile na mná - a thógadh an bhean óg taobh thiar de ar an gcapall. I shéípéal Bheanntraighe iseadh póstaí gach lanamha fadó agus dá mba rud é go mbeadh beirt ghá bpósadh Máirt Inide bhíodh gasra de bhuacaillí na sráide bailighthe i mbóthar na mbarroes rómpa nuair bhídís ag tabhairt a n-aghaidh ar an mbaile. Bhí carn de photógaibh lobhtha acu agus ní fhágaidís ceann díobh gan caitheamh leó súd do bhíodh ar an gcóísre. Oidhche Máirt Inide ghabhadh dream óg an ghleanna - na buachaillí óga agus na cailíní óga ná rabhthas ag deanamh cleamhnais dóibh - an bóthar ó thuaidh. Leigidís orra go mbidís ag dul ar na Sceilig. Bhíodh adharc acu agus nuair bhídís ag gabháil thar aon áít nó tig in a raibh buachaill nó cailín gur theip ar a(continues on next page)