School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 108
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Anuas tríd an gcoill atá ins na lisiní atá sruthán uisge...

    (continued from previous page)
    Coicthígheas nó trí seactmhaine na dhiaidh san do tháinig a chainnt chuige agus bhí sé ábalta ar shiubhal chómh maith le h-aon garsún dá aos. Is minic do bhí acrann trom ar an gCaolcuill Lá Fhéile Muire. Tímceall deich mbliana a's dacad no trí fichid bliadhain ó shoin do marbhuigheadh fear de mhuinntir Murchadha ag Tobar Muire. Duine no bheirt de mhuinntir Fhloinn do mhairbh é. Deirig acrann éigin eatortha ar an gcrois acht cuireadh ó chéíle iad. D'imthig an fear siar go Tobar Muire agus do lean an dream eile siar é. Nuair bhí sé ag filleadh ó'n dtobar do ghabhadar air gur mharbhuigheadar é. Níor tháínig aon strónséar go Tobar Muire ar feadh blianta na diaidh san.
    Annsan do marbhuigheadh no lámhachadh buachaill i dtig tabhairne cúig bliadhna deug ó shoin agus ó hsoin i leith ní thagann éinne ar an gCaolcuill Lá Fhéile Muire ac na buacaillí agus na cailíní tímceall na h-áite, agus ní thagann ach fíór-bheagán diobh san ann.

    'O na seandaoine im ghleann féín do chualas an cud is mo de abhfuil scríobhadhta mar geall ar Tobar Muire agus Cill-mo-Chómog.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish