School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 033

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 033

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 033
  3. XML “Scéal i dtaobh Airgid i Lios”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    riamh. Tráth éigin na diaidh san do bhuail cúcha isteach lá nuair do bhíodar ag ithe a ndínnéar bean feasa. N'fheacadar riamh roime sín í agus ní raibh aithne acu uirrí acht ba ghearr gur chuir sí i féin inúil doibh ce'r bhí féin. D'iarradar uirri suidhe isteach chum búird agus greim d'ithe agus chómh maith do dhein. Nuair do bhí an biadh caithte aice agus a béal glanta aice do thosnuig sí ag chainnt. "Bhí airgead bhúr ndoithin agaibhse tamall ó shoin" ar sise agus níl puinn de agaibh indiu" act orraibh féin is ceart milleán do bheith."
    "Conus é sin airiú" ar siad go léir in aonfheacht. "Tá" ar sise "gur thúgúir geallamhaint d'búr nathair nuair do bhí sé ag fagháil bháis agus níor dheinúir an geallamhaint sin do cómhlíonadh agus tá a rian orraibh." D'innis sí dóibh annsan gur ó Muinntir an Leasa ar an gCurramóir do fuair sé an tairgead an céad lá riamh, agus gur minic do ghabhadar isteach chúcha i lár na hoidhche agus go mbíodh an-fhearg orrtha nuair chídís go mbíodh bórd follamh rómpa; go dtógfhaidís an tairgead uatha act ná féadfhaidís é nuair nách i na ór do bhí sé acu. Nuair fuaradar amach go rabhadar chum é fhágaint amuigh an oidhche
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish