School: Caolchoill (roll number 16087)
- Location:
- Kealkill, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caolchoill
- XML Page 017
- XML “Ór agus Airgead i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo sgéal d'airigheas ó Dhiarmuid i dtaobh an óir a shamhluig a lán do bhí i bhfolac no curtha in áit éigin tímceall Chaisleáin Charraig-an-Eas.
Ní rabih fhios ag an tseannacuidhe conus a cuireadh an tór ann acht b'é a thuairm féin gur b'é Domhnall Cam do chuir i bhfolach é sar ar fhág sé an Chaisleán nó sar ar eirig leis na Sasannaig é thiomáint amach as. Bhí súil aige go n-eirigheochadh leis filleadh ar an gcaisleán arís tráth éigin nuair bheadh na Sasannaig imtighthe agus an tór do bhreith leis. Ní raibh Dhiarmuid deimhinightheach ciaca bé Dómhnall do chuir ann é nó narbh é mar d airigheas é á rádh uair eile gur caith Dómhnall geatai an Chaisleáin, an tór agus gach rud dá raibh aige isteach san loch beag atá ar an d Túirín[?] níos túisge ná fágfhadh se 'na dhiaidh sa Chairleán iad agus iad do bheith ag na Sasannaig. Bhí fear a dubhairt sé ar an dTúirín[?] de muinntir Uí Shúilleabháin tráth éigin na dhiaidh san. agus chuir sé roimis an tór a ceapadh a bhí sa loch a thógaint as. Thosnuig sé ar díg mhór doimhin - seact no oct de throighthibh i ndoimineacht - a deanamh amach ón loc chun uisge an loca do sgaoileadh síos le fánaig. Nuair a bhí péirse no cúplá(continues on next page)