School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 008
  3. XML “Coimeád a bhFaighir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an t-séipéal dubhart leis an sagart é fhógairt ón althóir. Cómh maith do dhein agus is orm a bhí an t-áthas nuair do fuaras amach gurb é an duine do chaill é ná sclábhaidhe bocht go raibh muirighean mhór air. An oidhche sin sa bhaile do ghlaoidh an seanduine seo chúghainn ag scoruidheacht
    Do h-innseadh do chonus do fuaras an tairgead ag cailleamhaint agus do h-innseadh do chómh maith cad do dheineas leis. "Is baoghal liom a gharsúim" ar seisean "ná beidh aon seans ort do geó." "Ba ceart duit é choimeád. Tugadh seans duit" ar seisean "agus caithis uait é.
    "Seo cómhairle do fuaras-sa aon uair amháin" ar seisean agus tabharfhad an cómhairle ceadna duit-se anaois": - "Coimead a bhfaigir"
    D'fiafruidheas de cé thug an cómhairle dho agus d'innis sé dhom an sgéal so leanas:-
    "Nuair do bhíos-sa im bhuacaill óg tímcheall fíche bliadhain nó mar sin do thug mo athair púnt dom" ar seisean. Bhí aonach mór an Fóghmhair ag teacht agus dubhairt sé liom trí no ceathair d'uanaibh buineanna do cheannac agus go dtabharfaidís chum mo dóthain mé.
    Bhí na huain saor an uair úd agus b'furuistd[?] fórsg bhreágh laidir d'fagháil ar choróin nó sé sgillinge. Bhíodh an taonach san i mBeanntraí an uair úd ar an tarna lá fichead de
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish