School: Lochán Mór
- Location:
- Loughane More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear darbh ainm dó Domhnall Mhuirthí (Mac Cárthaigh) 'na chómhnuidhe i mBiolarach fadó. Cáit ab'ainm d'ingean abhí aige. Ní fóláir nó gur chailín breágh, dathamhail[?] í Cáit mar sean-bhean uasal dhíreach ab'eadh i sar a cailleadh í annsúd cúig bliadhain ó shoin nó mar sin. Bhí Peadí Phádruig (Ó Súilleabháin) 'na chómhnuidhe i mBealach Baoi an chéad bhaile eile taobh thiar de Bhiolarach. Fear cumasach bhreágh chómh díreach le slait, ab'eadh Peaidí. Bhí sé trí n-órlach leis na sé troighthe ar aoirde; agus é chómh láidir le capall. Bhí feirm bheag talmhan aige, féar trí mbó ach iascaire maith ab'eadh é. Fear cúramach, cliste, deaslámhach(continues on next page)