School: Réidh na Scríne (C.), Ros Ó gCairbre (roll number 8750)
- Location:
- Reanascreena, Co. Cork
- Teacher: Síle Ní Dhonnchadh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear gur in san paróiste seo do rugadh an file Seán Ó Coileán, ach tá tuairm eile ag daoine airithe adeir gur rugadh é idir Dún Maon Mhuighe agus Drom-Dhá-Liaig.
Tá sé curtha sa reilg i gCill Mhín agus a athair leis. Scríobh sé an dán mar gheall ar Tighe Molaga.
Sgéal. Beirt Shagart de mhuíntir Shúileabháin abhí in a gcomhnuidhe i bparóiste Cille Míne timcheall dhá chéad bliadhain ó shoin, de réir an sgéil. Do dúnmarbhuigheadh iad ar bhruach an "Airgidín"-in áit na tugtar Áth na h-Uidhre" uirthe.Dream darb ainm "Hawkins" a chuir cun báis iad. Tá siad curtha sa reilg i gCillgarbh in aice le Clanna Caoilte.
Go dtí an lá seo tá muintear Hawkins san ceanntar céadna agus díolann siad "dues" leis an sagart i gCill Mín ( Cé gur Protastúnaigh iad féin.) cun 'dul ón mallacht, mar adeir na sean daoine . a thuitfeadh ortha . de thoradh a droch-gníomhartha.