School: Baile an Ridire (roll number 7887)

Location:
Knight's Town, Co. Kerry
Teacher:
Seán Mac Mágha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 035

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 035

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Ridire
  2. XML Page 035
  3. XML “Scéal - Tailc agus Meirgeach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. B'éigean do Thailc inghean Rí fhághail le pósadh agus níor thaitin sé le na mhnaoi. Bhí sé an mhí-ghnéitheach. Thug sé mar ghrant dá mhnaoi imtheacht agus an domhan a shiubhal féachaint a bhfaghadh sí aon fhear ab fhearr ná é a mharbhóchadh é agus go mbeadh a "liberty" annsan aici.
    Bhí gach áit 'á shiubhal aici agus ní bhfaigheadh sí aoinnedhéanfadh é chomhrach. Chualaidh sí go raibh fir mhaith in Éirinn go dtugaidís fiannaibh Éireann ortha. 'S do ghuais sí go h-Éirinn féachaint a bhfuigheadh sí éinne dhéanfadh Tailc a chómhrac.
    "Bhíomar lá", dubhairt Oisín, "ar chnoc na bhfiann". "Chonnacamair chúghainn ag teacht rí-bhean uasal - níor staon ná níor dhiúltuig dúinn chun gur bheannuig sí do rí na bhfiann". "A rí-bhean uasal" adubhairt Fionn, "cé hé tú féinn" nó cad is ainm duit nó cad tú fé ar ndéin". "Is ainm dom Niamh Nuachra inghean do rí mhic Doilbh tréan, i's mo mhallacht ar rí Gréag. Séard do luaidh mé le Tailc Mhic Tréan. Do shiubhluigheas an domhan fá thrí 's ní bhfuaireas ann rí ná flaith go dtí sibhse amháin an fhiann do thógaidh mé thar a chumas". "A rí bhean uasal" adubhairt Fionn "ná bíodh ord cumhaidh ná brón mar níl 'sa domhan rí ná flaith ná go bhfuil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish