School: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle) (roll number 12198)
- Location:
- Teeromoyle, Co. Kerry
- Teacher: Conchubhar de Barra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Brighid Ní Leidhin (Boulerdagh, Kells, Co. Kerry) a sgríobh an sgéal seo. Fuair sí an sgéal ó’n a mhuinntir féin sa bhaile.An Triúr Driothár agus an leas-mháthair. Bhí fear ann fadó, is minic a bhí agus beidh go deó. Bhí triúr mac aige agus cailleadh a máthair. Fé ceann tamall aimsire airís do phós an t-athair agus má dhein ní ró-mhaith a bhí an leas-mháthair don a triúr mac. Thugadh sí oiread oibre don triúr mac ná deineadh seachtmhar, agus mar is mó a fhéacadh sí ortha ‘seadh is mó thagadh gráin aici ortha. Lá de’s na laetheannta do chuaidh an t-athair as baile. Dubhairt sí leó dul isteach ‘na leithéad seo do thig agus é ghealadh. Ní túisge fuair sí istigh iad d’iompaigh sí an glas ar an ndorus ortha. D’imthigh annsan agus do thug sí anuas agus do chaith anáirde ar bínn an tíghe iad. Ní raibh puínn céille ag an dtriúr acht bhí adhbhar éigin ag an bhfear críonna.
Do an garsún críonna caitheadh anáirde ar cheann an tíghe. “Is dócha go bhfuil fonn ag ár leas-mháthair deire a chur linn.” “Tá deire linn má tá” ar siad san leis. Bhí an fear críonna ag cur de i gcómhnaidhe tríd an bhfalla nó go bhfuair sé caoi éigin nó go dtáinig sé go drom an tíghe. Annsan thiomáin(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Leidhin
- Gender
- Female
- Address
- Boulerdah, Co. Kerry