School: Clones (Clochar Lughaidh) (roll number 15041)

Location:
Clones, Co. Monaghan
Teacher:
Sr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0946, Page 301

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0946, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clones (Clochar Lughaidh)
  2. XML Page 301
  3. XML “Nósa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I 'Sa tsean-aimsir budh ghnáthach le cuile dhuine idir óg agus aosta an tAifrinn d'éisteacht cosnochtuighthe agus bhídís 'na dtrostadh go dtí a'dó-dhéag.
    II B'iondual le scoláirí sgoile cúpla fód móna a thabhairt chun sgoile mar íocaidheacht as leabhra in ionad airgead d'íoc ortha.
    III Ba ghnáth le mnáibh giota dá gcuid gruaige do ghearradh Aoine Chéasta. Cuirtí go leor síl an lá sin freisin mar deirtí nár mheath síol ariamh a cuirfidhe Aoine Chéasta. Itheann gach aoinne níos mó ubh ná mar is gnáth Domhnach Cásga.
    Lá Bealtaine crochtaí craobh glas le h-urain chuile dorais ag cur fáilte roimh an samhradh.
    Oidhche Fhéile Sheaín lastar teinte cnámh thart timhcheall an cheantair seo agus bítear ag rinnce ina dtimcheall. Fado ba ghnáthach le na sean-daoine paidreacha a rádh tharthimcheall na dteinte seo.
    Bhíodh agus bíonn fós cleasa gan teora dhá n-imirt ag aos óg na háite seo Oidhche Samhna: deintear bairín breac le haghaidh an tsiúpéir agus cuirtear fáinne isteach ann. Crochtar cros adhmaidh ar chrúca agus cuirtear ubhall ar a bhárr. Castar an cros go sciobtha annsin agus níl aon teora leis an sport a bhíos ag an aos óg ag iarraidh an t-ubhall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish