School: Drumgossatt (B.) (roll number 14071)

Location:
Drumgoosat, Co. Monaghan
Teacher:
T. Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0929, Page 217

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0929, Page 217

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Drumgossatt (B.)
  2. XML Page 217
  3. XML (no title)
  4. XML “Cath Mhachaire Cluana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Trench an t-ainm a bhí ar an tighearna talmhan a bhíodh ag bailiú na cíosa fadó. Is beag meas a bhíodh aige ar na daoine. Duine ar bith nach ndíolfidhe an cíos ar an phoinnte cuirfidhe amach é. "Cíos nó seilbh" a deireadh sé. Aon lá amháin thárla go raibh ar Trench bille do chur suas mar gheall ar cíos a bhí le díol. Tháinic sé amach go Machaire Chluaine agus a lucht leananna leis bhí faoi an bille do chur suas ar an teampall i dtreó is go mbéadh faill ag gach éinne é d'fheiceáil. Faoi'n am seo bhí na daoine cráidhte cordha aigemar gheall ar na cíosanna úd - cuid acu go beó bocht agus iad ag déanamh a seacht ndíthill chun ruinne a mbéal do bhaint amach. Nuair a tháinic Trench go dtí an teampall an lá seo bhí sgaifte maith daoine ann roimhe - na daoine is mó a rabh fuath acu dó agus thosuigh an troid. Bhí carn mór cloch san roilig agus chaith na fir iad seo go dtí nach rabh ceann ar bith acu fágtha. Chuidigh mná agus buachaillí óga na h-áite leis na fearaibh. Ar dtús bhí an námhaid ag rith annseo is
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish