School: Drumgossatt (B.) (roll number 14071)

Location:
Drumgoosat, Co. Monaghan
Teacher:
T. Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0929, Page 216

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0929, Page 216

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Drumgossatt (B.)
  2. XML Page 216
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Tá abha ag gluaiseacht tríd Mhacaire Chluaine...

    (continued from previous page)
    bealach seo ó na bhaile - Droichead Átha Rás na Muice Duibhe a tugtar ar Turas na Muice úd. Ach ní muc a bhí ann mar tcidhímid anois ach diabhal éigin nó duine éigin i bhfuirm muice. Seo mar tá an sgéal fá dtaobh de. Tharla go rabh fear asan pharóiste i Droichead Átha le capall do dhíol ba ghnáthach leis na daoine an t-am sin dul go Droichead Átha nuair a bhéadh capall le díol acu. Nuair a bhí an ceannuightheor ag díol as an chapall seo thug sé an fear síos faoi'n talamh. Bhí iongnamh mór ar an fhear agus níor tháinig an duine aisteach seo leis. D'amharc sé thart agus chonnaic sé a lán sealbhmarcaighte agus capall ag gach duine acu. Chuir sé a lámh ar cheann acu agus ar seisean gí-uip. Ar an bpoinnte d'árduigh an marcach a ceann agus ar seisean An bhfuil an t-am ann. Bhí an ceannuightheór ag teacht leis an t-airgead agus chulaidh sé an cheist. Rith sé chuige agus arsa seisean - fan go fóill - fan go fóill - níl sé oraibh dul go fóill. Deirtear go dtiocfadh na marcaigh seo aníos as an talamh agus go ndéanfaidh siad turas thart timcheall na tíre nuair a bhéas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish