School: Cnoc an Fhiolair (roll number ?)

Location:
Coollegrean, Co. Kerry
Teacher:
Liam Ó Hargáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0449, Page 167

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0449, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc an Fhiolair
  2. XML Page 167
  3. XML “Iníon Rí an Mhianaigh Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    maidin. Ní fheudfair aon fhocal do labhairt ná aon scread do chur asat nú go n-imtheóchaidh siad amach."
    Do shuidh sé síos annsan nú gur tháinig uair a' dáréag. Chrom na gaisgídhidh ar gháirídhe nuair a chonnacadar an spórt a bheadh acu air. Do dhírigheadar air 7 chromadar ar é chaitheamh ó chlaidheamh go claidheamh nú gur ghlaoidh an coileach. Nuair d'imthigheadar amach tháinig sé anuas agus chimil sí beannach bhí aici dhe, agus bhí sé chomh slán 7 bhí sé riamh."An gcaithfead a thuille do dhéanaimh" ar seisean "caithfidh tú an cleas ceadna do dhéanamh istoídhche aríst," ar sise.
    Thánadar isteach istoidhche airíst agus chromadar ar an rud ceadna - "é chaitheamh ó chlaidheamh go claidheamh nú gur ghlaoidh an coileach. Nuair a d'imthigheadar amach tháinig sí anuas agus chimil sí beannach bhí aici dhe 7 bhí sé chomh slán 7 bhí sé riamh.
    Bhí leath di 'na bhean annsan 7 an leath eile 'na ór. "An gcaithfead ao' rud eile do dhéanamh anois, ar seisean. "Caithfir fanacht anuas airíst istoidhche amáireach 7 an rud ceadna do dhéanamh", ar sise.
    Tháinig na triúr fathach isteach istoidhche agus thosnuigheadar ar é chaitheamh de gearrtha. Tháinig sí anuas annsan agus chimil sí an beannach de 7 bhí sí ar ceann desna mnáibh ba bhreaghtha gur las an ghrian riamh uirthi. "An gcaithfead-sa ao' rud eile do dhéanamh," ar seisean. "Caithfear-sa fanacht ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadha Ó Cuilleanáin
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Oibrí
    Address
    Reacaslagh, Co. Kerry