School: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (roll number 14767)
- Location:
- Aughacasla North, Co. Kerry
- Teacher: S. Ó Téacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhreacas síos an dán so ó Domhnall O Curnáin, ó "An Macaire Beagh sa bliain 1921 A.D. Cailleadh Domhnall roinnt blianta ó shoin agus é níos mó na 80 bliain d'aois.Dubhairt se go raibh bean darbh' ainm di "Siobán Ní Shiobhan" i gCaisleán Griaire fadó. Bhí sí ana-ghránda agus ní phosfadh aoinne í. Chuaidh sí chun an fhile, chun dán a dhéanamh 'á moladh, agus dhein an file, "Nellie Cóach," an dán dí. Chuala buachaill Ó Chorcaigh an dán agus tháinig sí chun Siobhán a phósad. 'Sé sin an "buachaillín óg" atá sa dán.
(I)Is buacaillín óg mé gan ór gan cuid,
Gur seoladh abhfad óm' cháirde,
Ó Corcaigh gur thomhaiseas na bóithre go h-Inis,
A's as siúd arís go Tráigh Lí.
Niór stadad den stáir sin go dtí áird ó thuaidh,
I mbaile beag áitreabh láimh le cuan,
Mar annsúd seadh fuaireadh fáílte.
(II)Ba bhreaghtha í na Bénus ná Helen chailce,
Ná braighead Phoebus ó spéir na maidne,
Na Hector tréanmhar ón nGreág dá dtagadh
Is fíor go dtabharfadh gradh dhi.
(III)Bhí a gruadhna mar caortha,
Bhí a scéimh mar an eala,(continues on next page)- Informant
- Domhnall Ó Curnán
- Gender
- Male
- Address
- Magherabeg, Co. Kerry