School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus d’fhiafraig sí de an tarna h-uair a’ bpósfadh sé í, agus dbhairs sé arís ná pósfadh. Tháinig toth feirge uirthi arís, agus do cheangal sí ias ar feadh trí lá is trí n-oiche eile den sneachta ‘s den sioc.
Do tharraig a dhaoine mhuinnteartha den Rí, gur b’fhearra dho í pósadh, nó go gcuirfeadh sí iad go léir chun báis sa sneachta agus sa sioc.
Thug sé asil dóibh, agus i gcionn an sémhadh lae, tháinig sí chuige arís. D’fhiarr sí air arís an bpósadh sé í, agus dúbhairt sé go bpósadh.
Do chasatar abhaile annsan, agus phreab sí anáirse ar chapall an Rí- ar a chúlaibh.
“Feich timpeall ort féin anois” ar sise. “Is leat an méid a chiseann tú ó’s do chomhair, idir dhaoine, talamh, sioc, ‘s stoc, ‘s sneachta”.
“Is Cuma liom aon níth mar gheall air” a dúbhair sé go brónach mí-chéastar.
“Feich ar dhiadh arís,” ar sise.
D’féich sé na dhiadh, ach is amhlaidh a leath a dhá shúil air nuair a(continues on next page)- Collector
- Peig Bheag Ní Dhéada
- Gender
- Female
- Informant
- Pádruig d' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 90
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry