School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Page 242
- XML “Amhrán a Dhein an Spailpín Fánach dó féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'S do bheadh Home Rule againn gan spleádhachas
Is mo thruagh san uaigh é mar tá sé meathta
Is an Páirnéileach sínte lámh leis
'S gan againne 'na dhéidh ach dríodar dána
Nach fiú iad a chur go Pairlimint
(7)Dá mo shúil-se arís le Rí na bhFlaitheas
Is leis an Maighdean mánla
Go dtiocfaidh Milésuis arís i gceannas
D'fonn bualadh thabhairt dá namhaidibh
Beidh bodaigh an bhéarla dá ruagairt feasta
As oileán naomhtha Phádruigh
Is dlighthe na nGaedheal arís dá spreagadh
Sin cabhair ag an Spailpín Fánach.
Nóta:-In Árd na Caithne, in iarthar Dhuibhneach, do rugadh Séamus Ó Muircheartaigh, an Spailpín Fánach. Thóg sé a chlann na nGaedhilgeóirí idir Bhutte Montána agus San Francisco. Fuair sé bás i San Francisco, go luath sa bhliadhain 1927.- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry