School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Page 241
- XML “Amhrán a Dhein an Spailpín Fánach dó féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'S ní fheaca móinfheár ná fiú goirt glasa
Do thógfadh mo chroidhe le h-áthas
Ní'l (?) ná romhar ann, treabhadh ná branar,
Ná fuaim ná speal ar bánta,
Ach scaipfeadh do mheabhair chun fáin uait.
(4)Mo shlán beo siar chun ciumhais an Daingin
Is chun Cuan Fionntrágha geal áluinn
Mar ar leagadh an gárda bhí ag dáire sealadh
Ach cómhrac le Fianna Fáil.
'S as súid siar chun Baile 'n Chalaidh
Chun Dun Caoin an Fheiritéirigh ghalánta
Mar ar chomhraic Piaras go Dian O'Donnell
D'fonn bean Uí Loinghsigh d'fhagáil uaidh.
(5)Is as san mór timcheall chun beidhreoc an fhearainn
Is chun na mbinnteacha tá anáirde,
Mar a gcodluigheadh Diarmuid, an laoch nár mheathta
D'éaluigh seal le Gráinne
Is as san suas chun Árd na Caithne
Mar ar buaileadh cogadh ar Spainigh
Ag Aodh Ó Néill is Sir Walter Raleigh
Nó Lord (?) do chroch na táinte
(6) Dá maireadh O Conaill arís igceannas
Ba shocair, suairc an lá dhuinn.
Mar do dhéanfadh sé íde ar ghach Tóirí (?) galar(continues on next page)- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry