School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: N., Bean Uí Cholchúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-Sgéal.Bhí fear ann fadó, agus cailleadh a bhean, agus pós sé bean eile, ní raibh aige acht buachaillín beag amháin leis an gcéad bhean. Bí Oidhche Fhéile Mártan ag teact, agus dubhairt an fear go dtiubharfhadh sé isteach caora lé marbhú lé haghaidh Oidhche Fhéile Mártan, agus dubhairt an bhean gan a thabhairt nach maith lé fhéin aon bhlas mharbú go Mhártan, agus dubhairt an bhean má mharbhuigheann tú í, go dtachtadh sí an chéad duine a d'iosfhas aon ghreim de, acht mar sin fhéin mharbuigh sé an chaora. Bhí go maith agus ní raibh go holc. Cuireadh síos pota den fheóil, agus do bí an leas-mháthair a bhí dá cócaireact, agus nuair a bhí sí bruithte thóg sí aníos an pota, agus do bhí féin an céad duine a d'ith greim dhe. Tact an greim í fhéin, agus cailleadh í. Cuireadh annsin í an oidhche céadna, agus tháinig sí na Sprid ag an doras ag an deich chlog san oidhche. Bhí an t-athair agus an buachaill(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Fhualáin
- Gender
- Female