School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. Galway
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 142

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 142

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 142
  3. XML “Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Sé an chaoi a n-imrighthear gach ceann aca ná :-
    Púicínn :- Cuirtear caipín nó háta ar súile duine amáin agus bíonn cúigear nó seisear eile ag imtheacht ar fuaid an urláir. An té go mbíonn an púicínn air bíonn sé ag iarraidh greim a fhágháil ar an gcuid eile. Nuair a bheirtear ar dhuine caitfidh sé sin an púicínn a chur air.
    Fholach Fiadhach :- Bíonn go léor gasúr bailighthe le chéile ag déanamh fholach agus abhruigheann siad rann éicint le go mbéidh fhíos aca cé hé an té a bhéas le cromadh agus an té a bhéas le dhul i bhfolach. Ní bhíonn cead ach ag aon nduine amáin cromadh nó má bhíonn go léor ag dul ó bhfolach cromann beirt uaireannta. Nuair a bhíonn siad í bhfolach téigheann an té a bhíonn ag cromadh dá gcuartú agus má éirigheann leis greim fhághail ar dhuine ní bhéidh ar fhéin cromadh níos mó nó go mbéarfar arís air.
    Faic :- Bíonn deichneabhar ar a laighead agus rang déanta aca ar an urlár agus iad na suidhe síos agus duine amháin istigh i lár an ranga. Bíonn píosa cruadh de rópa ag na daoine a bhíonns na suidhe agus bíonn siad dá chur i bhfolach faoi na gcosa. Bíonn an té a bhíonn í lár ag tóraidheacht an pópa, sé sin an faic. Déireann an rang in éindigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish