School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. Galway
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 117
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag cainnt le chéile tar éis an dínnéir agus dubhairt an príonnsa go raibh tinneóntaithe ar a dhúthaig fhéin a bhí in-ann an t-órd a chur ní b'fhuide ná é. Dubhairt an Champion seo nach bhfaca sé aoinne ariamh a bhí in-ann a dul i ngar fhéin dhó.
    Chuir an príonnsa leitir ag Pádraig Labhrais ag iarraidh lucht móna air agus a thigeacht go beo tapaidh leis. Bhí go maith agus ní raibh go holc. Bhí sé' na oidhche nuair a shroich sé chomh fada leis an bhpríonnsa. Chuaidh an príonnsa síos ag an gcuan go dtí Pádraig. Dubhairt sé leis go raibh fear ag fanacht leis le seachtmhain le dhul ag chaitheamh an úird leis. "Is dona an té a bhfuil sé ag fanacht leis" arsa Pádraig "sean-bhádóir mar mise." Mar sin fhéin chuaidh sé isteach san áit a raibh an Champion seo bhí an áit seo tuairim is ceathramhadh míle ar fad. Sheas an Champion agus chaith sé an t-ord. Chaith Pádraig é agus cuir sé trí slata thairis é. Rug an Champion arís air agus chuir sé chomh fada le Pádraig é. Rug Pádraig aríst air agus chuir sé taobh amhuigh de'n ceathramhadh míle é. Dubhairt an príonnsa le Pádraig a chuid éadaig a chaitheamh dhe agus an t-ord a chur san áit nach bfuigeadh aoinne é. Chaith Pádraig dhe na léine agus chuir sé an t-ord leath mhíle amhach san gcuan. Bhí an Champion náirighthe aige.
    Bhí Pádraig í Sasana agus tháinig sé isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish