School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. Galway
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 027
  3. XML “Scéal faoin mBás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    díreach cneasta. Bhí sé ag imteacht agus ag síor imteacht agus casadh mac Dé leis. D'fhiafruigh Mac Dé dhe cá raibh sé ag dul. Dubhairt an fear seo leis go raibh sé ag dul ag toraidheacht fear díreach cneasta a racadh chun baistigh le na pháiste. "Racaidh mise chun baistigh leis" adeir Mac Dé. "Cé thú fhéin" adeir an fear. D'innis Mac Dé dhó cé'r bhé fhéin. "Ní racaidh thusa chun baistigh leis" adeir an fear. "Níl duine ar bith is caime ná thusa mar tugann tú an oireadh do dhuine is a dhéanfadh míle agus fagann tú duine eile ag iarraidh na déirce." Bhí sé ag imtheacht leis agus sé an chéad duine eile a casadh air ná an bás. D'fhiafruigh an bás dhe cá raibh sé ag dul. "Táim ag toraidheacht duine cneasta díreach a rachas chun baistigh le mo pháiste" adeir an fear. "Racaidh mise chun baistigh leis" adeir an bás. "Cé hé thúsa" adeir an fear. D'innis an bás dhó. "Leigfidh mé thúsa chun baistigh leis mar is fear díreach cnéasta thú; is cuma leat lag nó láidir, iseal ná uasal sé an rud céadna a dhéanas tú leo." Chasadar ar ais agus chuaidh an bás chun baistigh leis an bpáiste.
    "Déanfaidh mise maith ort anois" adeir an bás. "Déanfaidh mé doctúir dhíot agus is tú an doctúir is feárr a bhéas ar an domhan. Duine ar bith a bhfeicfidh tú mise ag a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    AT0332: Godfather Death
    Language
    Irish
    Informant
    Seamus Ó Chongalaigh
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tír an Fhia, Co. Galway