School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír an Fhiaidh
- XML Page 005
- XML “Scéal faoi Chlann an Fheilméara, Cluais le hÉisteacht, Cos fé Chrios srl.”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus chuir sé bail ó Dhia air. D'fhiafruigh sé dhe céard a bhí sé ag dul a dhéanamh. Dubhairt mac an fheilméara go raibh sé ag dul ag déanamh cuinneóige. "Go raibh sí na chuinneóig agat tráthnóna Dé Sathairn" adeir an sean-fhear. Nuair a d'imhthigh an sean-fhear thosuigh sé ag déanamh na luinge agus nuair a bhreatnuig sé thart tráthnóna Dé Satairn ní raibh aige ach cuinneóg. Tháinig sé abhaile agus a thrí chéad punt caithte aige.
Ar maidin Dé Luain d'iarr an dara mac trí chéad ar a athair go racadh se fhéin ag déanamh na luinge. Fuair sé na trí chéad punt agus bhuail se chun na coille. Thosuigh se ag geárradh na coille agus ba gheárr go dtáinig sean fhear liath thart agus chuir sé bail ó Dhia air agus d'fhiafruigh sé céard a bhí sé ag dul a dhéanamh. "Táim ag dul ag déanamh cófra" arsa mac an fhéilméara. "Go raibh sé na chófra san oidhche Dé Sathairn agat" arsa an sean-fhear. Thosuigh sé ag déanamh na luinge ach nuair a d'iompuigh se thart san oidhche Dé Sathairn ní raibh aige ach cófra. Tháinig sé abaile agus na trí chéad punt caithte aige gan aige ach cófra.
Ar maidin Dé Luain a bhí chugat d'iarr an tríomhadh mar trí chéad punt le go ndéanadh sé long a shéolfadh ar an talamh agus ar an bhfairrge. Fuair sé na trí chéad punt agus chuaidh sé chun na coille. Tháinig an sean-fhear(continues on next page)- Informant
- Seamus Ó Congalaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway