School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír an Fhiaidh
- XML Page 002
- XML “Scéal faoi Thriúr Clainne na Barrscolóige agus faoi Harry Statel”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fios uaidh dhuine éicint cé acha ba leis é, agus nuair a bhí an oidhche ag teacht chuadar isteach go dtí Harry Statel dob é an fear ba mhó fios ins an domhan é. D'fhiafruigh Harry Statel annsin de'n chéad mhac, cé'n cineál oibre ba fheárr leis. "Ní fhaca mé aon tsúisteoir ariamh chomh maith liom" a dubhairt sé. D'fhiafruigh sé de'n dára mac cé'n sórt obair a bhfeárr leis, agus mar fhréagra air dubhairt sé nach raibh aon fhear ariamh chomh maith leis ag cárta stáblaí. D'fhiafruigh sé dé'n tríomhadh mac annsin cén sórt obair ba mhaith leis agus dubhairt an mach nach raibh aon fhear chomh maith leis ag geárradh coillte. "Is sibh a théastuigheas uaim sé" arsa Harry Statel.
Nuair d'éirigheadar ar maidin chuaidh gach duine acha ag déanamh a chuaidh oibre féin. Nuair a chuaidh an cailín amach ag glaodhach ag a bhéile ar an té a bhí ag súisteóireacht, leabaidh é bheith ag súisteóireacht sé an obair a bhí ar sin, ag báint de a léine agus ag cur air a bháinín. D'fhiafruigh an máighisteir de cé'n sórt obair í sin air. "Tá" adeir sé, "níl fhios agam cé is goirre dhomh mo mháthair nó mh'áthair". "A amadáin nach góirre dhuit d'athair". Chuaidh sé go dtí an dára mac agus sé an obair a bhí air sin, nuair a bheireadh sé ar an bpice chaitheadh sé uaidh aríst é. "Cé'n(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Máimín, Co. Galway