School: Baile Nua (B) (roll number 9607)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Peadar P. Mac Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 035

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 035

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (B)
  2. XML Page 035
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cúpla mí ó shoin bhí fear as Sean Bhóthair san paráiste seo ag dul abhaile ó baile Mainistreach go mall san oidhche. Seán De Búrca a bhí mar ainm ar. Nuair a bhí sé ag teacht bhaile seas sé ar an bhfóidín mearbhaill. Ar thaobh an bhóthair chonnaic sé teach beag agus é lán le solas.
    Isteach leis agus bhuail sé ar doras. Tháinich cailín aluinn suas agus d'fosgail sí dhó é. "Tar isteach a fhir bhoicht ar's sí agus suidhe síos. Isteach leis agus shuidhe sé síos cois na teineadh. Bhí sluagh mór daoine istigh roimhe agus íad ag damhsadh agus gabhail fhinn. Bhí sean fear san gcoirnéal in aice na teineadh agus caitheadh a píopa. "An tusa Seán De Búrca ar's an bhfear agus cé'n caoi bhfuil d'athair agus do mháthair". "Go maith arsa Seán", "An bhfuil aithne agat orm arsa an fear". "Ní'l ars Seán". Is mise sean Phait Ó Concubhair. Cailleadh mé fiche blíadhain, nuair ghoid na sídheóga mise agus tá mé i ngreim acú ó shoin.
    An cailín ar osgail an doras dhó Thug sí deoch dó agus nuair a bhí sé ólta aige thug an sean fhear deoch eile agus dubhairt sé.
    "Seo dhuit agus ól é", Sláinte agus saoghal agat, bean í do thoil agat, airgead síos agat agus talamh gan cíos agat. Tar-eis tamaill thuit an chodhladh ar Sheán. Nuair a dhuisigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Finn
    Gender
    Male
    Age
    74
    Address
    Derreen, Co. Galway