School: Baile Nua (B) (roll number 9607)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Peadar P. Mac Conchoille

Filter stories

Back
/ 068 Forward
Resolution: Low | High
Baile Nua (B) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 006

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ar an mbaile seo fadó agus cailleadh bó air. Dfeann sé an bhó agus chuir sé píosa de'n feóil sios i bpota da bhreith.
Ar a Ar ball nuair a thóg sé an clár de'n pota le féachaint ar an bhfeóil dheamhan feól a bhí ann. Bhí sé imighthe. Níor fhéach sé le aon cuid eile bhó a bhruith.
do Deir an sgéaluidhe guraib an fear ar eirigh e seo dó da innseacht do h-féin

Ar an Abbart Deag i bpáraiste na Mainistreach bhí fear a raibh Sean O hÉiligh air agus ní raibh aige ach aon láirín beag amháin. Lá breagh chuaidh sé amach in a choinne. Agus tháinig fear as a chómhair agus rug sé uirthí. Chuaidh sé a marcuigheacht uirthí agus dimithig sé leis. Lean Sean O Eiligh é agus an fear ag rith ina shodar deas riomhe amach. Níor stop siad aríamh gur chuaidh an fear isteach ag bun Cruic Meadha. Chonnaic O hEiligh a rith isteach é. Isteach leis ina dhiaidh. Bhí an doras fosgailte dó. Bhí fear eile taobh istigh. "Seo é isteach Sean Ó hEiligh" ars an fear. "Tá sé a' teacht i gcoinne a láirín" ars fear aca. "A Sheaghain cé mbhearr leatsa an láirín ag dul abhaile leatsa ná cáirte óir," "Is cuma liom" ars Seán, "Rud ar bith a thiubhradh sibh dom tá mé sásta leis.

(continues on next page)
Informant
Mairtín Mac Oireallaigh
Gender
male
Age
74
Address
Abbey, Co. Galway
Language
Irish