School: Baile Nua (B) (roll number 9607)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Peadar P. Mac Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 002

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 002

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (B)
  2. XML Page 002
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá roilig san áit seo ar a dtugtar Tobar Pádraig, acht ní roilig a bhí ann i gcómhnuidhe. Tobar beanuighthe a bhí ann agus bhíodh patrún ann gach bliadhain i Mi Márta. Bhíodh crionniú mór daoine ann as gach áit sa tír agus go mór mhór as Oran Mhór. Bhíodh boicht go leór ann i gcómhnuidhe ag iarraidh pígheannacha.Thagadh bacac óg as Oran Mhór ar maidi croise. Bhíodh truaigh ag gach duine do gan usáid a coise a bheadh aige agus é chómh óg sin, agus bhíodh mála mór airgead aige i gcómhnuide ag dul abhaile.
    Lá amháin bhí fear as an áit seo i Gaillimh, agus bhí sé ag cainnt le fear as Oran Mhór. Cé ar bith a bhí in aghaidh an bhacaigh ag an bhfear as Oran Mór dinnis sé don fear as an áit seo nach raibh ins an bacach act fear mór láidir a raibh in ann a bheatha a shaothrú. "Más é sin an sgéal,"ars an fear as an áit seo, "manam go mbeidh fhios agamsa faoi an chéad lá eile."
    Bhí go maith is ní raibh go holc. Tháinig lá an phatrún arís agus tháinig an bacach freisin. Thosuig sé ag iarraidh déirce mar ba gnáthach. Niorbh fada go dtáinig an fear as an áit seo agus sheas sé taobh thíar de agus dubhairt. "Eirigh suas a bhodaigh" Níor eirigh an bacach no gur gortuigh an fear é le cioc sa tóin. D'eirigh sé de léim agus léim annsin agus leag sé an fear le buile an maide croise
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Mairtín Conraoi
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Oakwood North, Co. Galway