School: Leithrinn
- Location:
- Lerhin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Labhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)m'athair dom go raibh trí bailte i gCastletoun an uair sin. Ní fhaca m'athair iad ach chuala sé a shean-athair ag rádh go raibh. Tá rian na mbailte le feiceál indiú. Is feidir a fheiceál an ait a raibh na tighthe. Chuala mé m'athair ag rádh gur chaith an tighearna talmhan amach ar an mbóthar iad.
Bhí an tighearna talmhan ina chomhnuidhe i gCiltulla. Fear an-gharbh agus an-shanntach dob eadh é. Ní raibh creideamh ar bith aige. Protastúnach do bhí ann. Níor thaithnigh sé le na daoinibh mar bhí sé ag chur cíosa an-throm ortha.
Sa mbliadain míle ocht céad dachad is a chúig tháinig an duibheachán ar na fataibh. Do theip an chuid is mó aca. Do lobh an chuid eile aca ins an bpoll. An bhliadhain ina dhiaidh sin ní raibh síol ná airgead aca. Bhí gortach sa tír. Na blianta roimhe sin bhí na fataí go han flúirseach. Bhí tuairim's seacht n-acraí talmhan aca. Bhí leath acra coirce ag gach feirmeór. Mhaireadar ar an min coirce. Ní raibh plúr ag teacht isteach thar sáile an t-am sin.
Bhí go leor daoine ag fághail bháis leis an ocras.(continues on next page)- Collector
- Mairéad Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Address
- Ahaun, Co. Galway
- Informant
- Seán Mágh Fhloinn
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Ahaun, Co. Galway