School: Leithrinn
- Location:
- Lerhin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Labhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leithrinn
- XML Page 156
- XML “Ceapadóireacht - An Gréasaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar leanamhaint 13adh-1-38a athair ina Ghréasaidhe maith freisin, acht ní raibh sé comh maith lena mhac. Fuair sé bás nuair a bhí a mhac an-óg. Chuaidh an cáil amach air. Bhí sé comh maith gur tháinig na daoine ó chuile áit lena gcuid bróg a dheisuighadh. Ní raibh gréasaidhe níos fearr ins an gCondae ná é.Lá amháin chuaidh sé go Tuaim. Bhí aonach ann an lá sin. Bhí bó uaidh. Chuaidh sé chun an aonaigh. Cheannuigh sé an bhó. Ins an tráthnóna bhí sé ag gaisge. Chas fear eile air. Gréasaidhe a bhí ann freisin. Bhí sé as Condae Muigheo. Bhí sé ag ól leis an nGréasaidhe as Mhuigheó. D'éirigh achrann eatorra. Thosuigh siad ag troid. Rinne na fir síothchán. Shocruigheadar péire bróga a dhéanamh agus go mbeadh an bhuaidh ag an bhfear a dhéanfadh an péire b'fhearr.Chuadar abhaile. Rinneadar amhlaidh. Chuadar go Tuaim arís. Ní raibh bróga maithe ag Gréasaidhe Mhuigeo. D'ionnsuigh sé é. Ba beag nar mharbhuigh sé é. Chuaidh sé abhaile go Lisheenhelta, agus é beagnach marbh. Níor éirigh leis ina dhiaidh sin. Tháinig tinneas air. Fuair sé bás cúpla mí ina dhiaidh sin. Ní raibh aon Ghréasaidhe maith in nGaillimh ó shoin.(continues on next page)
- Collector
- Máire Nic An Bháird
- Gender
- Female
- Address
- Lerhin, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Mac An Bháird
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Lerhin, Co. Galway