School: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)
- Location:
- Sonnagh Old, Co. Galway
- Teacher: Úna Bean Uí Mhuireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An CuigeannSan áit seo tugtar cuinneóg ar an gléas in a bhfuil cuigeann deanta. Níl acht cúpla sean cuinneóg ag na daoine anois. Tá ceann aca 3 troigh go leit ar aoirde agus ceann eile 2 throigh is seacht n-órlaig ar aoirde, agus tá siad timceall troigh go leith ar faid in a mbun agus in a mbarr. Níl na daoine cinnte án fada ó deineadh iad. Tugtar líonán (dash) agus clár (cover) ar gleiseanna na cuinneóige.
Déantar im uair sa tseachtmhain sa t-Samhradh agus uair sa gcoichidis sanGeimhreadh. Déantar cuigeann le líontige agus má thagann stróinséir isteach le linn na cuiginne béigin dó greas na cuiginne a dhéanamh ar eagla go dtiubradh sé rath bainne agus ime uatha. Deirtear cuid des na daoine go mbíonn cuigeann á dhéanamh ar fead leath-uair agus cuid eile ar feadh uaire. Deirtear go léir go mbíonn sé nios fuide agus níos deachra á dhéanamh sa Gheimhreadh na sa tSamhradh. Oibrightear na lámha le na linn. Oibrightear an lionighe síos suas i cuid des na tighthibh agus ó thaobh go taobh no timcheall i bhfainne san gcuid eile aca.
Aithnightear go mbionn an chuigeann déanta mar feichtear grainne ime ar an gclúid.
Is mar seo a déantar an cuigeann no maistreadh. Fágtar an bainne imbáisín agus tagann uactar air. Fágtar mar sin go ceann lae nó dhó é go dtí go mbíonn an t-uactar tagaithe ar(continues on next page)