School: An Clochar, Uarán Mór
- Location:
- Oranmore, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Ghreallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Roscam taobh thiar de droichead na Minne tháinigh duine acu ar ais go dtí a mbaile duthchais chein na tighthe agus an cóirneacht d'feiceal. Nuair a bhí sé ag an mbóthar an dtaobh seo de'n chathair casad arm Chromuil air. Chástigh an Caiptéin é:
"Cén t-ainm atá ortsa, nó cé ag a dtáinig tú, agus cá bhfuil tú ag dhul" ar seisean.
"Sé, an Breathnach an sloinneadh atá orm-sa" arsan fear.
"Ó thárla gur b'in é an t-ainm atá ort" ars an Caiptéin "Sgriobhfaidh ticéad anois agus teasbáin é d'aon duine a chuireas ceist ort. Táim 'gá thabhairt duit mar sé an t-ainm ceádna atá orm-sa is atá ort."
Ghlac sé an ticéad agus annsin bhí saor-chead aige dul tré'n arm. Nuair a tháinig sé féin agus a mhuinntear go dtí Roscam bhí na tighthe lán le stróinséirí agus bhí ceann an chruithneachtan ithte acu ag iarraidh iad féin a bheathadh.
Chuaidh sé ar ais arís annsin agus d'innis sé an sgéal dá comharsan. Annsin ghlac siad misneach agus tháinig siad ar fad ar ais go dtí a mbaile féin 'san oidhche. Cheap siad go bhfearr diobh-sa na tighthe ar fad a dhoigheadh 'san oidhche nó go mbeadh na stróinséirí ann go brath. Níor cuireadh ceann ar na tighthe sin ó shoin.