School: An Clochar, Uarán Mór
- Location:
- Oranmore, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Ghreallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Uarán Mór
- XML Page 0503
- XML “Ráthanna agus Liosanna ar Thalamh Phádraig Uí Ghriallais”
- XML “Ceantar Bhaile an Teampaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá Rath suidhte ar an dtalamh seo agus dubhairt Pádraig Ó Griallais go gcuirtí páistí ann uair amháin. Tá sé suidhte i n-aice leis an mbóthar mór, ach ní'l aon cinn-clocha no leacha ann.
* * *
Tá lios suidhte i n-aice na fairrge tímcheall dhá chéad slat ó teach Pádraig Ó Griallais. Poll mór 'seadh é síos 'sa dtalamh agus tá dhá leic ar an dtaobh thiar de. Ar an dtaobh eile tá póirín go bhféadadh duine dul isteach ann ar a ghlúnaibh.Ní rud ar bith ann anois ach borradháiní annso is annsúid déanta ag na coiníní. Cúpla slat ó'n áit sin tá sruthán beag ag rith isteach 'sa bhfairrge, ach éirigheann sí ar bhruach na fairrge airís agus déanann sí abha mór. Deirtear go raibh cogadh annsin fadó agus go raibh an abha dearg le fuil.- Informant
- Pádraig Ó Griallais
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cnoc na Gréine, Co. Galway
- Tá trí céad tighthe 'sa ceanntair seo anois ach bhí a seacht n-oiread ann 'sa t-sean-aimsear. Tá cuid de na fothracha le feiscint(continues on next page)