School: Sliabh Mór (roll number 2307)
- Location:
- Slievemore, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Ó Flannabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Mór
- XML Page 371
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann uair amháin agus bhí feilm mhór talmhan aige, agus rinne sé teach don fear a chuir sé isteach...”
(continued from previous page)Níor fhág an duine uasal an stábla nó gur cheannaigh sé an capall beag.Dubhairt an fear gur leis an capall, "Ní h-aon cabhair an capall a thabhairt leat muna bhfuigheann tú fear a ghlanais ó'n gcapall agus a ghlanas é féin suas."Thug an duine uasal an capall leis abhaile 'un a chúirt féin agus bhí an fear annsin ag an gcapall mbeag. Acht ní raibh aon airgid ag teacht uaidh. Chuir an duine uasal fios ar búistéar annsin. Mharbhaigh an búistéar an capall, feann sé é agus d'fhosgail sé é, acht ní raibh aon airgid taobh istigh.D'imthigh an duine uasal chuig an bhfear airís maidin lá thar na bhárach. Chonnaic bean an fhir ag teacht é, agus chuir sé é sin i n-iúil dá fear chéile."Óra céard a dhéanfas mé? – marbhóchaidh sé mé" ar seisean.
"Imthigh amach ar an bhfeilm, agus déarfaidh mise go bhfuil tú imthidhthe amach ag dearcadh ar na beithidhigh agus ar na caoirigh".
"Cá bhfuil an fear?" arsa an duine uasal leis an mnaoi nuair a tháinig sé isteach.
"Tá sé imthighthe amach ar fud an fheirm ag dearcadh ar na beithidhigh"
"Gabh amach dá coinnigh" ar seisean
"Má's maith leat é, cuirfidh mé amach an coinín seo" (a bhí téamáilte sa teach). Bhí iongnadh ar an duine uasal nuair a chualaidh sé é seo.Ní raibh sé abhfad gur tháinig an fear agus an coinín isteach ar an urlár. Thug an duine uasal lán mo chaipín(continues on next page)