School: Oileán Toraighe (roll number 5164)
- Location:
- Toraigh, Co. Donegal
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sgoilt Shéoirse
Bhí mac tighearna talmhan ann uair amháin agus bhí sé na chomhnuighe thíos ibhFánaid. Chuaidh sé amach i na bhád bheag ag iascaireacht lá amháin agus báidheadh é. Thainic sé idtír i Sgoilt Shéoirse. Tugadh Sgoilt Shéoirse ar an áit mar gurbh é Séoirse ainm an stócaigh. Stócach an bhródamhail a bhí ann. Thainic a athair go Toraigh ag amharc air. Sheasaigh sé os a chionn agus dubhairt sé: A Shéoirse a Shéoirse cá bhfuil do bhród indiu. Cuireadh i sgoilt Shéoirse é.Poinnte Huddaí Dhuibh
Chuaidh fear ar b'ainm dó Huddaí Dubh agus a thriúr mac go Dún Fionnachaidh uair amháin ag díol eorna. Ar a mbealach anoir díobh san oidhche bhuail siad an bád ar an phoinnte agus báitheadh iad féin agus an bád. An lá sin go dtí an lá(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Chearbhaill
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Ó Chearbhaill
- Gender
- Male